Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Énrí Ó Máille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá tobar Bhríghde istigh i gcoill Chillbhrighde ar bhruach Loch Measca i gConndae Mhuigheo.Níl sé an-éasgaidh a dhul do fada leis an tobar anois ag driseacha agus muineacha.Tá teach beag ann acht níl mórán de fágtha anois agus is istigh i lár an tighe atá an tobar. Tá an teach chomh fada agus atá sé leathan agus bíonn uisge ins an tobar chuile thráth gon bhliadhain.Deir na sean ndaoine nach raibh aon chloch ins an áit mar atá ins an teach agus tá siad a ceapadh go ndeacha daoine i bhfad ar thóir na gloch.Tá go leór clochaí aóil i gCillbhighde agus níl aon chlopch aóil i gCillbhrighde.Tugtar turas ann an 15adh lá déág de Lúghnasa agus fágann siad airgead ruadh ann.
Seán Ó Somacháin do thug cunntas.
Máirtín Ó Somacháin do sgríobh- Bailitheoir
- Máirtín Ó Somacháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Somacháin
- Inscne
- Fireann