Scoil: An Drom Clochach (B.)
- Suíomh:
- Drom Cloch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pártholán Ó Ruadhacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- As so síos an fá gur tugadh Tobar na Molt ar an dtobar san.
Lá le linn réim Chromail in Éirinn do bhí sagart ag rádh Aifrinn in áit éigin in achomair don tobar. Ní raibh grádh mór ag Cromail do Chaitilicighibh go mór-mór dá bhfaigheadh sé cómhthionól díobh agus Aifreann dá éisteacht aca agus mo thruagh don tSagart a gheibheadh sé greim air. Ba é a d'iuireadh[?] bás ar Shagartaibh agus ar cléiribh go fonnmhar agus gan de chuis aige chuige ach iad bheith ina gcaitlichighibh. Ach go háirighthe an lá so do bhí Aifreann ar siubhal in achomar don tobar. Bhí fir fairi amuigh ar gach taobh aca ag faire ar shaighdiuirí Cromail. Tráth le linn an Aifrinn chualathas an béic go raibh na saighdiúirí ag teacht. Deirigh gach aoinne os a ghluinnibh chun teicheadh leó féin. D'iompuigh an Sagart timceall san altóir. "Fanaidh mar atá agaibh" ar seisean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Parthalán Ó Ruadhacháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ruadhacháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Dubh, Co. Chiarraí