Scoil: Bouleenshere (C.) (uimhir rolla 12865)
- Suíomh:
- Buailín Séar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mary A. Walsh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bouleenshere (C.)
- XML Leathanach 485
- XML “Cill Mhic Adá”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)connachthas solus geal ag dhaoine ar Chnoch Breanndán ar lasadh istig i gCill Mhic Idá. Dubhairt an tEasbog gurbh é cúis an t-soluis sin na go rugadh naomh sa chómharsanacht an oidhche úd. An lá 'na dhiaidh sin, fuaratas an leanbh naomhtha. Do b'é Naomh Breanndán an leanbh úd.
Tá fothracha na mainistreach le feiscint fós ar an dtaobh thior de'n gcill. Tá carn cloch ann i leacht féarach mór-thimcheall air. Go dtí cúpla bliadhain ó shoin, bhí Comáigh Naoimh Idá le feiscint i mbeann na mainistreach. Deirtear gur thógadh an íomháidh sin ó Co an Cláir go Cill Mhic Idá ag muínntit Corridáin. Do bhronnadar é ar mhach an naoimh a bhí san mainistir an t-am sin. Bhí sí na manach ann. Ar an dtaobh theas de'n bhfotharach agus i ngleann áluinn, tá sruth ag rith. Tugtear "Tobar naoimh Idá" ar an sruth sin, & deirtear gur tobar beannuighthe é. Téigheann muinntir Corridáin go dtí an tobar go minic ar thurus. Ó am go h-am cídhtear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Corradáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 35
- Seoladh
- Gleann Doire, Co. Chiarraí