Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 039
- XML “Daoine Cáiliúla an Cheantair - Micí Buí agus Paid Thomáis”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Phós Paid Thomáis thúas i mbarra na sráide lé duine des na Muircheartaigh. Bhíodh bruigheanta móra sa Daingean an úair sin. Bhíodh gach cine i gcoinnibh a chéile. Aon lá amháin bhí na Mainínigh agus na Muircheartaigh ag troid ag gcoinnibh a chéile.
Pé scéal é bhí bean Phaid Thomáis eatortha, agus chonnaic sí na raibh a fear ag teacht ag cabhradh léi. Siúd léi súas agus bhí Paid go súimhneasach istigh do féin.
"Annsan a thuigheann tú," ar sise "agus mo chlúadar á thraschadh síos fén mbaile".
Rug Paid ar a mhaide agus bhí á chasadh san aer ag gábhail sios an tsráid. Núair a chonnaic an tslúagh chúcha é ní fheadar aoinne cad é an páirt a thógfhadh sé agus bhí fear má lúath acu ag baint a chúinne(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dómhnall Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Imileá an Bhóthair, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Imileá an Bhóthair, Co. Chiarraí