Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 168
- XML “Scéalta Púcaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí sé tarrach ar Chlais na bPúcaí anois ach má bhí is gearr go gcualaidh sé na dhiaidh fé mar a bheadh duine ag rith agus saothar air agus slabhraí ar sílead leis ach ní fhéachaid sé aoinne. Bhí a chroidhe go dtí na bhéal anois aige mar bhí fhios aige nách aoinne cómhair a bhí ann.
Is gearr go bhféachaidh sé na dhiaidh gadhar mór dubh agus slabhraí ar síleadh leis.
Nuair a tháinig an gadhar suas leis do labhair an fear is dúbhairt, "Cad é an saothar atá ort-sa anois, a dhiabhail, nú cé'n fuadar atá fút."
Do bhí an gadar ag imtheacht ó taobh taobh an bhóthair. Bhí eagla ag teach ar an bhfear anis agus dúbhairt sé go raibh sé chómh maith aige é féin a chosaint air mar gur dócha gu b'é an t-áirseóir a bhí ann. Thairg sé amach a phaidrín agus dúbhairt, "Dia idir me agus tú." Le na linn sin d'imtigh an madra as a radhacrc agus chuaidh sé abhaile.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Dhómhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Maoilchéadair, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Cinnéide
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Charraig, Co. Chiarraí