Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 531
- XML “Bean an Mhadra Bhric”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí Rí ann fadó agus do bhí triúr inghean aige. Aon lá amháin do tháinig an inghean ba chríodhne go dtí an Rí agus dúbhairt sí leis go raibh sé i namh aici féin rud éigin do dhéanamh. Tá go maith ars an Rí "cad a bheidh uaith?" "Gach a mbeidh de stoc ar an aonach amáireach." Do tháinig an tarna inghean chuige agus dúbhairt sí an dáltha ceadhna leis an Rí. "Cad a bheidh uaith", ars an Rí. An fear is breághtha a bhuailfidh leath ar do siubhal amáireach. Do tháinig an tríomhadh inghean chuige agus dúbhairt sí sin an dáltha ceadhna. "Cad a bheidh uaith", ars an Rí. An bláth is breághtha a bhuailfidh leath ar do shiubhal amáireach.Do tháinig lár na máireach agus do dhein an Rí an rud a dúbhradar leis. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile ón aonach do chuaidh sé go dtí coill(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádraig Ó Cathalláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cathalláin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí