Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 591
- XML “Seán na Scuab”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí baintreach bocht an(n) fadó , is minic a bhí agus tá fós agus beidh go deó agus bhí aon mach amháin aicí agus ní raibh dó slige' ge ach dul suas ar an gcnoc agus beart fraoigh láidir a bhaint agus sguaba a dhéanamh agus dul isteach go cathair Chorcaighe gach h-aon t-Satharn á ndíol. San am san teastuigh míora ar Chathair Chorcaighe agus (ní) rabhadar féin a'teacht lé na chéile cé go ndeanfaoí míora do. Dúbhairt duine éigin go mbfeárr é dhéanamh don chéad fhear a geóbhadh isteach droichead nua Corcaighe ar maidin Dé Sathairn. Cuireadh gárda ar an ndroichead ar maidin Dé Sathairn agus sé'n chéad duine ghaibh chúca ná Seán agus a bheart sguab thiar air. Togadh suas é agus buaileadh chulaith nua éadaig air feidhre bróg agus stochaí. Deineadh suas é i gcló an duine uasail agus deineadh míora do ar a' gcathair. Bhí a mháthair aige bhaile agus lúthar léathar aicí dtaobh faidh go raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Séamus Ó Conchúbhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Chúile, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Siobhan Uí Conchúbhair
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cill Chúile, Co. Chiarraí