Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 612
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear do mhuintir Shéaghdha ag baint feamnaidhe ar dtráigh tamall mhór de bhliadhanta ó shoin. An scian a bhí aige do dhearmhadh se ar an gcloich í, agus nuair a chuaidh sé tharnais ag triall uirthe bhí bean suidhthe ar an gcloich agus í ag cioradh a cínn. D'fhan sé ag ceachaint uirthe tamall agus annsan d'imtig sí isteach sa bfhairrge uaidh. Nuair a cuaidh sé ag triall ar an scian ní raibh sí le fághail aige agus bhí sé in amras gurbh í an bhrúch a rug léithe í.
Tamall na ndiaidh sin bhí sé ag siúbhal na trágha agus cionnaich sé an bhrúch arís agus í ag cíoradh a cinn mar an gcéadhna. Bhí olc air chúiche i dtaobh an scian a bhuid uaidh agus d'ealaig sé uirthe agus sciob sé a brat uaithe. Do lean sí é go dtí an dtig agus tamall na diaidh sin phósadar. Bhí seachtar leanaí acu. Aon lá amháin bí an fear amuigh agus cuaid duine do's na leabhí anáirde ar an lochta agus d'ocail sí an cómhradh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Mac Eóin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Eóin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí