Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí díleachtaí garsúna ann fadó is minic a bhí agus beidh go deó agus i dteannta aintín a maireadh sé. Is dócha ná bíodh sí a fóghnamh ná ar feidhm leis agus bhíodh sí go cruaidh agus go malluighthe leis. Bhí se ag pléidhe léite mar ná raibh a chiall aige nú go raibh sé 12 bliain agus gan eólas ar paidir na ar chré aighe ná níor mhúin éinne riamh do iad.Aon lá amháin fuair sé a aintín ón dtig agus d'imthig se leis do féin agus bhí sé ag cur do riamh agus coidhche nu gcorgcuaidh sé as eolas agus ná feadair se cá raibh sé. Sín se cois an chlaidhe agus thuit an oidhche air agus ag briseadh a croidhe ag gol. D'eirig sé na sheasamh agus chonnaich sé fhaid a radairche uaidh an solus agus dhéin se fé dhéin an tsoluis. Ní leighfeadh eaghla do cnagadh sa dorus agus nuair a tháinig se go dtí an dtig, lúig se lasmuigh do'n ndorus agus thuit a codladh air. D'fhan sé na chodladh ansan nú go eirigh bean(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Séamus Ó Conchúbhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Chúile, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Siobhán Uí Chonchúbhair
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cill Chúile, Co. Chiarraí