Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 601
- XML “Scéal Fiannaíochta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Fionn agus na Fianna lá agus fuaireadar cuireadh dul go dtí pálás a bhí in aice na Sionainne. Chuadar. D'fhan Fionn agus cuid aca aige baile. Nuair a chuadar go dtí an bpálás ní raibh aoinne ann chun fáilte a chur rómpa agus chuir san ana ionganadh ar na Fianna.
Bhi teine breágh mhór ann agus suídheadar síos ar an úrlár in aice leis. I gcionn tamaill d'feach gach aon rud ana gránna. Mhúch an teine breágh agus ní raibh ann ach dotach. Dúbhairt na Fianna go raghaidís abhaile aríst mar ná raibh aoinne ann.
Thugadar iarracht ar eiríghe ach bhíodar ceanghailte don dtalamh. Lé na linn sin chogain Fionn a árdóg chun fhíos a bheith aige conus a bhí na Fianna . Nuair a fuair sé amach gur mar sin a bhiodar bhí sé i gcruaidh chás.
D'imthigh sé féin agus a raibh slán d'es na Fianna go dtí an Iorbhuidh chun an rí a bhí ann a mharbhú agus a chuid fola a thabhairt leó. Ní raibh aon leigheas eile chun na Fianna a sábháilt.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Séaghdha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí