Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 605
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí sagart i bparóisde Múrach fadó agus aon lá amháin chúaidh sé suas go dtí barra cnoc Breanainn atá ar an dtaobh thiar de Chorca Dhuíbhne. Nuair a bhí sé thuas i mbarra an chnuic tháinig ceó agus do bhí an sagart ag teacht abaile aríst.Chuaidh se amú sa ceó agus i gcionn tamaill thuit an oídhche. Do chonnaic an sagart solus beag tamall mhaith uaidh agus chuaidh sé fé dhéin an t-soluis. Annsan chonnaic se gur tig a bhí ann. Bhuail sé cnag ar an ndoras agus chuaidh sé isteach. Cad a bheadh istigh ná ministir ag ithe a shuipéar agus cat ag coimeád na coinnle dho. Bheannuígheadar dá chéile agus bhíodar ag cainnt ar feadh tamaill.Dúbhairt an ministir leis an sagart gur bí sin an obair a bhíonn lé déanamh ag an gcat gach aon oidhche agus ná feadfhadh aoinne d'iachall a chuir ar an coineall a scaoíle uaidh. Do leig an sagart luch amach as a poca agus ruith an cat ar a deícheall indiaidh na luiche. Annsan dúbhairt an sagart "gur treise dúchas ná oileamhaint". Lé na linn(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádraig Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Anrí Gloszar
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67