Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cloch ógham ins an teampall seo agus tá poll i mbárra na cloiche. De réir tuairisge do bhí an chloch seo ag marcáil uaige do thrúir uaisle gaidil. Tá ainm duine des na h-uaisle scríobhta ar an dtaobh deas de'n gcloich i bhfuairim óghamh, agus ainm an tarna duine scríobhta ar an dtaobh chlé i bhfuirim ógamh mar an gceadna. In áit ainm an triomhadh duine do scríobh is amhlaidh tá poll curtha an bharr na cloiche i ndíol chuimhne air. Tá sgcéal eile mar gheall ar an bpoll seo. Deirtear nuair a teastuigheach ó lamhnain óg pósadh an uair úd ní deinidis ach méir an fháinne do chuir isteach sa pholl agus bhíodar pósda gansagart gan ministir.Tá sgath gréine aim leis agus tá sé deanta de chloic. Tá poll ar a bharra do bhí cipín sáidte isteach sa pholl seo agus do réir mar bhí grian ag dul ó dheas bhíodh an sgath a bhíodh ar an gcipín ag chaitheamh ar an gcloich ag athrú mar angceadna.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Dómhnaill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65