Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 010

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 010

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Smerwick (B.)
  2. XML Leathanach 010
  3. XML “Triúr Mná a Bhí ar an gCoimín Fadó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Feachaidh sé aon tsnáthaín ach caitheadh sé géillead dho m[?] bhí gach seanna bhean ar fuaid an bhaile cómhairlithe ag bean an tsnáithín chómh luath agus thacfhadh sí ón dtaobh dá doras féin cromadh air an snáithín do mholladh mar [?]
    Nuair a bhí an snáthín fíghthe do chuir an bhean [?] fear go dtí an bhfhíghdóir chun planín do dheanamh de. Chuir sí an snáthín isteach i bpaca agus bhí ana ionghantas a[?] nuair ná feacaidh sé aon tsnáthín sa phaca ach chaithea[?] géileadh dho. Nuair a chuaidh sé go dtí an an bfíghdeóir [?] crom an fíghdeóir ar an snáthín do mholadh agus a rá[?] ná feachaidh sé a leithéid riamh agus ionghantas a chr[?] air an bhfear.
    Anns-an ach a raibh an planín deannta ag an bhfhíghdeóir cuaidh an fear ar triall air agus ach a [?] sé an tig an fhigdeóra do bhí sé curtha isteach i bpaca aige agus d-árdaig sé ar a dhromh é agus gan faic sa phaca. Nuair a chuaidh sé abhaile dúbhairt a bhean leis gan stad ná staonadh a dheanamh nú go raghadh sé go dtí an d'tálúir.
    Ar maidin amáireach go luath chuaidh an fear go dtí an dtáluir lé na phíosa planín. Nuair a chuaidh sé isteach go dtí an tálúir chrom sé ar an bplanín do [?] agus a rádh ná feacaidh sé a leithéidh riamh. Do fuair sé a riail agus thóg sé thoimhse an fhir. Annsan do thómhas sé an planín agus díreach sé an méid a bhí ann ná an aoiread is a dheanach culaith eadaig do.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1406: The Merry Wives Wager
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gearóid O Cinnéide
    Inscne
    Fireann
    Aois
    15
    Seoladh
    An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Tomás Ruiséal
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Gairmeacha beatha
    Feirmeoir
    Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile na nGall, Co. Chiarraí