Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 035

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 035

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Smerwick (B.)
  2. XML Leathanach 035
  3. XML “Seanranna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    An rud is annamh is iongantach
    Cóthaí dearga ar mhná cill chúille.
    Is mairg ná bíonn againn ciall
    Is ná cuireann srian le nár nguth.
    Nuair ná fuill againn fíon ná fíadh.
    Is maich an bhiadh í an chaora dhubh.
    Suimiú agus suimiú, suimiú do chealg mé is do dhóigh mo chroidhe.
    Suimiú na scarfhaid liom go ragaid mé an chill.
    Is fusa na cairrigeacha do thabairt aniar ón dtaoide
    Ná suimiú do chur isteach id mhalaódh cínn.
    Ar teiríghe amach fé'n sráid.
    Ná dein fonód fé dhuine bhoct
    Na mol is ná daoí mhol daoidhe
    Mar ná fuill saoidhe gan locht.
    Imthigheóchaidh a dtugaid is a dtáinig riam
    Imthigeóchaid mise agus tusa agus an uile chách nár ndiaidh.
    Imthigeóchaid an fhuiseóg a bhfeárr ar shlíabh
    Imthigeóchaid an seanduine a bhfeárr ar liágh.
    Dar ndóigh nior imthig an bágh ná an slíabh
    Ní lúgha ná ní dhimthigeóchaid ná grásta go bráth ó Dhia
    Aoine an chéasta is mor an ceasadh bainne dhól
    Dómhnach Cásga is mor an náire bheit gan feóil.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Dómhnall Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    15
    Seoladh
    An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Peig Ní Murchadha
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    c. 78
    Seoladh
    An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí