Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 040
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)8. Dá raobfá lios d'eirigheóchadh rud éigin duit.
9. Dá mbeadh tochas id shrón beadh duine éigin ag cur síos ort.
10. Dá mbeadh tocas id shúil dheas bheadh duine éigin id mholadh agus dá mbeadh tochas id shúil chlé bheadh duine éigin id cháineadh.
11. Nuair a bhíotar ag moladh duine nú ainmhídhe deirtear bail ó Dhia air chun na cuireófaí é.
12. Ní ceart an tuisce slach a chaiteamh amach nú go dtugtar isteach an tuisce glan.
13. Dá mbeadh sop le cos circe deirtear go mbeadh sochraidh ann.
14. Dá mbeadh dhá cheart ag córach bheadh strónséir ag teacht chun an tígh sinn.
15. Dá mbeadh an coileach ag glaodhach bheadh duine éigin caillte.
16. Dá mbeadh an gadhar ag gol cailfaí duine éigin sa tig sinn.
17. Dá mbeadhfá ag aistiriú i naon áit ní mhaith leat aistiriú an luach a bheith agat.
18. Ní ceart duit cat a thabhairt isteach i dtig nuadh go ceann bliana.
19. Nuair a thagann duine isteach i dtig nuadh an cheadh uair ní ceart[?] do teacht isteach ann gan rud éigin a thabhairt leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Brún
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gallaras, Co. Chiarraí
- Bailitheoir
- Pádraig T. O Coileáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí