Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 066
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)139. Is olc an chú nách fiú fead a leigeant uirthi.
140. An cupán lán is fusa a dhortad.
141. Is minic a chuir fear na luaithe fear na cruaithe amach.
142. Dá mbeadh tiormach go Samhain ann bheadh breall ar dhuine éigin.
143. An chearc istigh is an tubh amuich.
144. Driotháir den mbás an codlad.
145. Is deacair fuil a bhaint as thurnip.
146. Is maith lé Dia cabair d'fághail.
147. Ní bhris focal maith fiacal riamh.
148. Ní fiú morán beagán d'aon ní ach is fiú morán beagán céile.
149. An té ná cuireann san Earrach ní bhaineann sé sa bhFóghmhar.
150. Seachain an droch dhuine is ní baoghal duit an duine macánta.
151. Is treise dúthchas ná oileamhaint.
152. Is minic a bhain fear slat a bhuailfeadh é féin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Mac Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí