Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 122](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0421%2FCBES_0421_122.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 122
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 122
- XML “An Muilleoir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dimthig sé air isteach agus is amlaidh a bhí an muilteóir na chodlad. Dimthig sé air síos sa tseomra agus is amlaidh a bhí cómhra ann. Do rug sé air thuag is do bhris sé an chómra. Fuair sé mála agus líon sé suas go barra é an fhaid a ragadh pingin ann agus an méid ná chuaid sa mhála do chuir sé na phócaí é. Dimthig sé air annsan agus chas sé air a bhean arís. Chnag sé an doras agus d'oscail sí go fonnmhar é. Nuair a fuair sí amharc air do rug sí isteach air is do mhúc sí le póga é agus do fhluic sí le na deóra e agus do thirmig sí lé na habrún é. Seo air seisean agus na bhí ag coimeád maille orm cuir chúgat é sin agus tabhair aire dho is ní gádh dhuit aon eagla a bheit ort go mbeid aon bhaoghal bocht go dteó aris ort. Tair isteach a chroide air sise leis. Ní thiocfad air sisean mar caitfhead a beit thar nais aris tar-eis trí fichid neomait. Dimthig sé air agus bhain sé amac an prisún airís. Sead arsa an gárda leis tán tú annsan. Táim air seisean ní bhíonn air aoinne acht a gheallamhaint.
Chuaid sé thar nais arís go dtí na sheómra agus chuir sé an glas air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dómhnall Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Peig Cé
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí