Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Éirinn. Do bhíosa aige an bhféinn go raibh an tóir ag teacht agus bhí a gcip & a meannaithe ullamh aca. Do bhí duine aca ag faire ins gach áit. Do bhí Diarmuid Ó Duibhne ag faire i mBínn Diarmuda i gCiarruidhe agus beirt eile ag faire i Struicín Marthín, Ceann Crithmhair duine aca. Oidhche do thuit a chodhlad ar an mbeirt agus do tháinig an tóir i gan fhios ortha agus thánághdar i dtír i dtráig fionntrágha i gCiarruidhe Thiar. Do bhailig na Fianna lé chéile agus thug an dá shluag le chéile agus troideach cath millteach fíochmhar a mhair bliain & lá. An lá seo bhí gach aoinne den da bhuidhean marbh acht Fion & Rí na bhFear nGorm. Anois an tam agumsa túsa a mharbhú agus díoghaltas a bhaint duit i dtaobh mo thriur mac a mharbhú le's na trí caipíní gorma. Do thug an bheirt fé chéile agus bhí dearg ruathar aca agus deirtar go gcloistaí cnagarnaig na gclaimhte trí mhíle ó bhaile. Ar deire thiar thall bhí an Rí ag fághail an lámh uachtair ar Fíonn & díreach & é chun Fionn do mharbhú agus buille fíochmhar do thabhairt do nuair a léim Bran Cú Fhinn sa mhullach ar an Rí agus thacht é. Is mar gheall ar na dtrí bhfir ghorma seo a thárluig Cath Fionntrágha.
- Bailitheoir
- Tómas O Morchadha
- Inscne
- Fireann