Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 167
- XML “Na Buachaillí Bána”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mbórdh na scaobhaibh. Tar éis tamaill seo amach ar an mbán é & flúit na beal aige & é ag glaodhach ar na buacaillí bána. Nuair a fuair ingean an feirmeóra amuic é do dún sí an doras chun na féadhfadís teacht isteach. Nuair a thánadar go dtí an ndoras do lúghadar & do béiceadar iadh a leigint isteach ach ní raibh dul aco air.
Do chuimhnuigeadar ar sheift. Do chuadar sí an garraidhe & dheineadar súghán féir & cuadar go barra an tíghe ach bhí guna ag ingean an feirmeóra & do chait sí pléireaca suas an t-seimené & teiteadar anuas chúice na nduine is na nduine marbh. Nuair a tháinig a h-athair bhí ana laocas ar i dtaobh an ghaisge a bhí déanta ag a ingean. Do chuireadar i bpoll amuich sa garraidhe na buachaillí-bána & do thárla nárbh marbhuigheadh duine des na buacaillí bána i naon chor & dimig sé abhaile go dtí a athair & go a mháthair & dinnis sé an sgéal dóibh. Bliain ón lá san do bhain sé amach thig an feirmeóra & cuma an duine uasail air.
Tabardach sé 10s don té a glanadh a bróga & tabartach sé £1 don té a tabardar deoch dá capall. Fé cheann seactain d'fiarr sé air an bfeirmeóir a ingean a thabairt do le posadh & tug. I gceann mí do fuair sé a capall a chuaid sé féin & a bhean go dtí tig a athar & a máthar. Cómh luadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seamus Ruiséal
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Óg Ó Maoileóin
- Inscne
- Fireann