Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (uimhir rolla 11146)
- Suíomh:
- Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chéile agus ghealladar go bpósfhaidís a chéile. Bhíodar ag maireachtaint tamall maith ó na chéile agus cailleadh an buacaill agus ní raibh fhios ag an gcailín. Gheall sé go dtiocfhadh sé chúiche a leithéádh seo d'oidhche agus bheith ag na leitheidh seo - d'áit roimid. D'imtig an bhean an tráthnóna a bhí geallta aca dá chéile. Lé tuiteamh na h-oidhche tháinigsé agus capall breágh iallaite aige. Dúbhairt sé leí suidhe taobh thiar do ar an gcaapall agus go ragaidís go dtí an sagart chun iad a phósadh. Cheap sí go raibh sé na beathaidh gur chuir sí a láímh thairis aniar mar bhí an capall ar chos anáirde agus bhí eagla uite go dtuitheadh sí. Connaic sí na raibh cnámh ná easna ann act fé mar a bheadh paca olna. Chrith sí lé eagla. Bhíodhar ag deunamh ar an gcrosaire fe'n am so mar a raibh an ceardcain. Ó! ar seisean caithfimíd gabháil an bóthair so mar beidh cómghar againn cuin an tsagairt ní geobam cuin an ceardcan in aon chor.D'athain sí annsan gur sa t-sluag sídhe a bhí sé toisc na geobadh sé chun na ceardchan agus léim sí anuas act rug sé ar a bróg agus tarraig di í agus ní feacha sí níos mó í. Cuaidh sí isteach sa ceardcha an oidhche sin agus lár na máíreach cuaidh sí abhaile. Tá sé ráidhte riamh nách féidir d'aon droch rud dul thar ceardta go bhfuil an méid sin buadha aici.
Mícheál Ó Beódláin Fatháin, Fiónn Tráigh a fuair an teolas so on a sean athair- Bailitheoir
- Mícheál Ó Beodláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Labrás O Murchadha
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76