School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
- XML Page 188
- XML “An Doineann”
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)eile agus cuireadh míle ón dtig é.
Siobháin Ní Fhiannachta, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Máire Ní Fiannachta, Baile Góilín, Dainghean di é. - Seana Céardanna
Ní raibh aon éadaighe siopa a n-úsáid fadó. Dheineadh na daoine sníomh a dhéanamh ag baile agus iad a dhathú leis. Dheiniidís ruaim do barra na sgeach agus as rútaí na sgeach agus as samha. Cuiridís lán an corcáin ag beirbhiúghadh ar an dteine. Caithfeadh sé bheith ag fliuchaidh trí uair a cluig. Deintí dath buidhe as duileasg na gcloch. Ní dhéanfadh an ruaim an ngnó, chathtaoí an bhódh agus an cuprós do ceannach le cur tríd an ruaim agus dheineadh sé dath dubh. Cun cótaí do dhathú dearg cathtaoí dath dearg a ceannach agus ailim vinegar nó mar a mbeadh vinegar agat. Dhéanfadh meadhg géar an gnó. Bhíodh sé do nós ag daoine fadó caora nó bó a mharbhúghadh i gcóir an Nodhlag. Coimeádfaidís an gheir a bheadh ionnta. Leaghaidís an geir agus thagadh(continues on next page)