Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean thiar in Duibhneach sa droch-shaoghal. Cailleadh a fear bhí fear sé mbó déag aire agus móirsheisear paístí aice. B-éigean di an talamh do chaitheamh uaite agus imeartha I Feín agus na paístí. Bhí sí ag imthearth leí ó áith go h-áit , ní raibh an bradh Féin aice. Do shuibhluigh sí leí gur chuaidh sí sa Cho.Luimnigh
Casadh tráthnona fiadhain fluich uirthe. Chonnaic sí tigh feirmeóra agus chuaidh sí do’n doras. “An bhfaighinn a bheith istigh go maidin ?” ar sise.
“Bailigh leat” arsan bhean leí. “Ní thugam- se bheith istigh d-aoinne. Ach nuair a raghair síos iompuigh siar agus tá tigh mór annsan agus leigeann siad gac n-aon istigh”.
D’imtigh agus bhuail síos an bóithrín fé mar dubhairt bean an feirmeora. B’fhior di, bhí an tigh roimpe ann, tigh mór breágh. Chuaidh sí isteach agus ní raibh aon chriostuidhe istigh ach griosach. Bhain sí de, an créatuir agus thuig sí isteach na páistí. Anonn san oidhche thuit a choladh ar gach aoinne acu, Ar maidin nuair a ghluaiseadar ní raibh tigh ná triabh ann ach na páistí anuas ar uaigh.
“Dia le m’anam , is mór an sampla é” Ghabh sí amach agus gob aice. D’imthigh sí bóithrín caol cuimhng a bhí ann í féin is na paístí. Casad isteach í ar bhothaínín beag.
D’fáiligh bean a’tight roimpe.
“Dia le m’anam , cas a thug anso tú?” ar sise.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Ruaidhre
- Ainmneacha eile
- Pádruig Ua Ruaidhre
- Patson Ruaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Lios na Caolbhuí, Co. Chiarraí