Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)raibh aon cheann aige féin. Fuair Seán buideál agus corc agus dubhairt sé leis an mbás na féádfadh sé dul síos agus teacht aníos as an mbuidéal fé mar a dhéanfadh sé féin.Síos leis an mbás ann agus nuair a fuair Seán an bás thíos ann chuir sé an corc ann agus chaith sé an buidéal amach sa bhfairrge. I gcionn seacht mbliadhan 'na dhiaidh sin fuair iascairí an buidéal agu thógadar an corc as, agus ní raibh acht an méid sin déunta acu nuair do léim an bás aníos as, agus an cheud rud a dhein sé ná Seán a thabhairt leis.Níor cailleadh aoinne irith na seacht mbliadhain san agus ní chaillfí go deo mara mbadh na h-iascairí a fuair é.
- Faisnéiseoir
- Máighréad Bean Uí Mhistéil
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 77
- Gairm bheatha
- Bean iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí