Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 227

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 227

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 227
  3. XML “Baintreach an Mhuilinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    tháinigh ógánach go dtí an doras agus leig an bhean isteach é. Dhein sí tae dho, agus chuir sí gach saghas bídh agus dighe ar an mbórd chuige agus shuidh an bheirt acu síos ag ithe.
    Sar a rabhadar ullamh tháinigh fear a’tighe go dtí an doras agus chnag sé acht níor leigeadh isteach é go ceann tamaill. Fe mar a chnagadh an fear deireadh an bhean “Fan go fóil” agus is amhlaidh a bhí sí ag cur an ógánaigh i bpoll thíos fe’n soitheach agus thóg gach rud de’n mbórd. Nuair a tháinigh fear a’tighe isteach d’fhiafruigh sé de’n mhnaoi an raibh aon rud ullamh roimis. Dubhairt sí leis ná raibh agus bhí sí ag innsint do mar gheall ar an ógánach a tháinigh isteach chun lóistín d’fhagháil.
    Le n-a linn sin léim an garsún amach as cúip na gcearc agus chuir smúit san aer agus d’iompuigh an soitheach ar a cliathán agus thaisbeáin d’fear an tighe an t-ógánach agus dubhairt leis mar gheall ar an mbiadh go léir a thug a bhean do’n ógánach. Nuair do chuala an fear an méid sin chaith sé a bhean amach ar an mbán agus chaith an t-ógánach na diaidh. Chuaidh sé isteach sa churpad annsan agus thug sé amach an turcaí agus an biadh eile. Chuir sé ar an mbórd iad agus thosnuigh an bheirt acu ag ithe go sásta.
    Chuadar a codladh annsan agus ar maidin dubhairt an buachaill le fear an tighe go bhfanfadh sé ar feadh mí ‘na theannta agus go dtabharfadh sé a chuid stuic ar an aonach dó, agus nár ghádh dhó an t-airgead do. Dubhairt an fear go raibh sé sásta agus go dtabharfadh sé aon rud dó d’iarrfadh sé air dá dtugadh sé a chuid airgid abhaile slán chuige mar go mbaintí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1360B: Flight of the Woman and her Lover from the Stable
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máighréad Bean Uí Mhistéil
    Inscne
    Baineann
    Aois
    77
    Gairm bheatha
    Bean iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí