Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dhéine an t-ocras a bhí ortha.Aon lá amháin thárla gur chuaidh bean bhocht ag iarraidh braon de'n anbhruithe ortha. Bhí an bhean bhocht gan greim d'ithe le dhá mhí agus ní bhfuigheadh sí oiread is blaise dho i dtaobh ná glacfadh sí leis an gcreideamh nuadh acht ní dheinfadh sí é sin. Níor dhein sí aon rud ach iompódh ar a sáil agus dul go dtí an tráigh agus a dhóthain de bháirnigh d'ithe agus deirtear ná faca sí aon lá bocht as san amach.Annsan thosnuigh an sagart paróiste ar mhin a thabhairt amach mar déirc do na daoine bochta, ach ní mór a fuair aoinne acu mar bhí an-iomarca á lorg air, acht dá laighead é dhein sé cabhair. Deirtear go mbiodh an stábla a bhí in aice tighe 'n tsagairt lán de dhaoine istoidhche i dtreo go mbeidís ar an gcéad dream ag an doras ar maidin chun an min d'fagháilt. Is mó tigh a bhí gan aon gráinne dhí, agus gheibheadh tighthe eile timcheall le seacht gclocha agus mar gheall ar sin bhí an méid ceudna daoine ag fagháil bháis. Deirtear go mbiodh gach aon tráigh go mbiodh báirnigh ann lán de dhaoine dhá mbaint mar is ortha san a bhíodar ag maireachaint i dtaobh ná raibh aon rud eile acu le n-ithe.
- Faisnéiseoir
- Máighréad Bean Uí Mhistéil
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 77
- Gairm bheatha
- Bean iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí