Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Leathanach 242
- XML “Amhrán a Dhein an Spailpín Fánach dó féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)'S do bheadh Home Rule againn gan spleádhachas
Is mo thruagh san uaigh é mar tá sé meathta
Is an Páirnéileach sínte lámh leis
'S gan againne 'na dhéidh ach dríodar dána
Nach fiú iad a chur go Pairlimint
(7)Dá mo shúil-se arís le Rí na bhFlaitheas
Is leis an Maighdean mánla
Go dtiocfaidh Milésuis arís i gceannas
D'fonn bualadh thabhairt dá namhaidibh
Beidh bodaigh an bhéarla dá ruagairt feasta
As oileán naomhtha Phádruigh
Is dlighthe na nGaedheal arís dá spreagadh
Sin cabhair ag an Spailpín Fánach.
Nóta:-In Árd na Caithne, in iarthar Dhuibhneach, do rugadh Séamus Ó Muircheartaigh, an Spailpín Fánach. Thóg sé a chlann na nGaedhilgeóirí idir Bhutte Montána agus San Francisco. Fuair sé bás i San Francisco, go luath sa bhliadhain 1927.- Faisnéiseoir
- Máighréad Bean Uí Mhistéil
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 77
- Gairm bheatha
- Bean iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí