Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go raibh fear amhain 'na measg nár tháinigh isteach fós. Chuaidh an bhean anall dtí'n doras 'na ghaibh sé níor chorruigh an fear "Bhí fhios go maith agam gurbh' ann a raibh sé" ar sise "agus is anna bhí sé ag éisteacht liom-sa an fhaid ia bhí mo ghnó ar siubhal agam" Ní raibh an duine bocht indon corruighe mar go raibh sé ceangailte do'n talamh. D'iarr sé párdún ar an mnaoi. Thug an bhean párdún dó ar aon choingeall amháin go dtiubhradh sé a fhocal di ná déanfadh sé a leithéid airís an fhaid is a mairfeadh sé, mar gur rún a ghnó.Ina theannta san dubhairt an bhean leis go bhfágfadh sé ceangailte do'n talamh é dá ndeanadh sé a leitheid airís. Le sin bhog an bhean abhaile.
- Faisnéiseoir
- Eamonn Ua Conchubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Siopadóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ionad na bPoll, Co. Chiarraí