Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 248

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 248

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 248
  3. XML “An Triúr Iníon”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí beaintreabhach ann fadó agus bhí triúr inghean aice. Aon lán amháin, dubhairt an inghean ba shine le na máthair go raghadh sí ag tuilleamh di féin agus bológ aráin a dhéanamh di i gcomhair an bhóthair. Ar maidin lár na bháireach bhí dhá bhulóig déanta ag a mathair di agus dubhairt sí léithe "Ci a'cu b'fhearr leat, mo bhulóg mhór agus mo mhallacht nó mo bhulóg bheag agus mo bheannacht?" Dubhairt an cailín go m'fhearr léi an bhulóg mhór agus a mallacht. D'imthigh an cailín léithe agus bhuail tobar leí, shuidh sí síos le h-ais an dobair agus do tháinig éinín chuíce. Arsa'n t-éinín "B'fhuil brúscairín nó brúscairín agat a thuibhrainn dom geárgaigh atá i bpoll an chlaidhe le ráithe agam?" "Níl, ná mo dhóthain féin agam" aras'n cailín. Níor dhein an t-éinín acht a tharrach trid an uisce agus ?? fola agus íochtar meala a dhéanamh de'n uisce agus ní fhéadfadh an cailín aon bhraon de'n bhfuil d'ól. D'imthigh sí léi annsan agus bhuair sean-bhean leí. D'fhiafuigh sí di ag an dul in
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0480: The Spinning‑Women by the Spring. The Kind and the Unkind Girls.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Mac Gearrailt
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí