Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)20) Dá mbeireadh an bás ar ghamhain nó ar ainmhidhe éigin chuirfí salann ina bheál agus ina chluasaibh agus mara mbeadh san chaillfí iad go léir21) Dá dtéígheadh duine amach istoidhche agus dá mbeadh sé ag filleadh tréis a dó dhéag a chlog ba cheart dó gan féachaint ina dhiaidh in aon chor nó chídhfeadh sé na púcaí22) Dheineadh na seandaoine cros de shineán agus chuiridís fé chois an' chúpla í agus deiridís nár bhaoghal do'n tigh sin an fiabhras go ceann bliadna23) Nuair a bhídís ag tógaint tighe chuiridís ceann capaill fé'n urlár, lámh duine mhairbh fé (-) , agus nior cheart tigh treasna do thógaint ar aghaidh leasa24) Nuair a chaillfí gamhain chuiridís na crúibíní ar crochadh ar na fraightheacha25) Dá mbeadh na h-ainmhighthe ag fagháil bháis ar dhuine agus dá gcuireadh sé ceann acu ar thalamh duine eile raghadh an bhreoidhteacht go léir go dtí an fear sin26) Dá bhfaghthá braon maothaile ó dhuine de's na cómhursain ba cheart duit an t-oighean bheith ar an dteine nuair abheadh súil agat leis
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Seaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 89
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí