Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 262

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 262

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 262
  3. XML “Fionn Mac Cumhaill agus na Fianna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bean ag teacht fé-n-a dhéin, agus níor túisce a chonnaic nár dhein sé leanbh beag de féin agus shuidh síos agus thosnuigh ag gol is ag beícigh. Tháinigh an fear agus an bhean i leith chuige agus d'fhiafruigheadar de cad abhí air agus dubhairt sé leo go raibh sé caillte leis an bhfuacht agus d'iarradar air teacht leo feín go dtí-n a bpálás. Chuaidh Fionn ina dteannta agus bhí sé ina pheata acu á chaitheamh ó bhais go bais. Aon lá amháin bhí an bhean ag glanadh seomra, agus gan dabht bhí Fionn ina teannta. Pé rud abhí Fionn á dhéanamh chonnaic sé trí cinn de chaipíní ar crochadh ar an bhfalla agus fuair sé cathaoir agus chuaidh sé ag triall ortha agus rith go dí an bhean agus ar seisean:
    "Ó a Mham" (Mam do ghlaodhadh sé ar an mnaoi) chá bhfuairís na caipíní deasa san?"
    "Ó a chroidhe" ar sí sin. "ná bíodh aon lámh ins na caipíní sin agat, mar is le mo thriúr driothár iad san atá imthighthe go h-Éirinn chun Fionn Mac Cumhail do chur fé chois."
    "Agus, a Mham," arsa Fionn, "ná fuil fhios agat go bhfaighidh Fionn Mac Cumhail an buadh ortha."
    "Ná biodh eagla ort a chroidhe, ní'l aon rud chun an buadh d'fhagháilt ortha acht na trí caipíní sin, agus chómh luath agus a gheobhfaidís aon radharc ortha thuitfeadh an t-anam asta."
    Nior bheag san. Bhí an fios go léir fachta ag Fionn acht níor leig sé aon rud air. Cúpla seachtmhain ina dhiaidh san bhí piast mhór le teacht, agus bhí ar an rí a inghean do thabhairt di le n-ithe. An lá san bhí an fear
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Fionn Mac Cumhaill (~137)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máighréad Bean Uí Mhistéil
    Inscne
    Baineann
    Aois
    77
    Gairm bheatha
    Bean iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí