Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear fadó ann agus fuair a bhean chéile bás agus bhí aon inghean amháin aige. Do phós sé airís agus rugadh inghean eile dó. Níor thaithn an chéad inghean leis an leas-mháthair. Aon lá amháin chuir sí do'n tobar ag triall ar uisce í, chuaidh an cailín síos do'n tobar agus cad do chonnaic sí san uisce ach trí cinn. Dubhairt na cinn léithe iad do thógaint agus iad do nighe agus do ghlanadh agus iad do chur ar an leic thall. Dubhairt an cailín go ndéanfadh sí. Thóg sí amach iad, nigh sí agus ghlan sí iad agus nuair abhí sí ag cioradh na gruaige bhí ór agus airgead ag tuitim anuas uirthe ó'n ngruaig.
Annsan chuir sí ar an leic iad, thóg sí an t-uisce agus nuair abhí sí ag imtheacht labharadar airís léithe agus dubhradar dá mbeadh gúna salach uirthe go ndéanfaí gúna deas glan de. Nuair a shroich sí an tigh chuaidh sí ináirde an staighre agus chuir sí gúna salach gioblach uirthe agus deineadh gúna deas glan slachtmhar de. Bhí éad ar an sean-mhnaoi, ar an leas-mháthair agus chuir sí a h-inghean féin go dtí an tobar annsan. Chonnaic sí na cinn agus labharadar léithe, d'iarradar uirthe iad do nighe is do ghlanadh is do chur ar an leic.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- An tSr. Eibhlín Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Gairm bheatha
- Bean rialta (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí