Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 425](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0429%2FCBES_0429_425.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 425
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí triúr buachaillí ó'n Leithireach oidhche ag iascach ar Chuan Bhreanndáín. Bhí an ghaoth andeas, agus an fhairrge go ciúin sleamhain, agus ceomharán báistidhe ar an gconair thiar, agus ar na cnoic leath-theas.Amach san bhFóghmhar dobh eadh é, agus taréis cúpla cor do déanamh de's na naomhóga go léír, ó'n uair na raibh aon nídh a dhéanamh aca, seo leótha isteach arís agus iad ag rás le na chéíle go ceann a' Ché.Do thairrigheadar an triúr so suas na líonta, is taréis iad do chuardach is do bhrath dhóibh, thugadar fé ndeara go raibh ráithín beag maircearéil, thar na n-earball agus dúbhradar le na chéile go scaoilfidís leótha amach arís ar feadh tamaill eile.Do scaoileadar, 's shíneadar siar chun gal na pípe do bheith aca.D'fhanadar mar a rabhadar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- S. Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Gríbhfín
- Inscne
- Fireann