School: Baile Uí Dhuibhne

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 691

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 691

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Page 691
  3. XML “Cruatan - Longbhriseadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus bhí sí trí céad lá ar an bfairrge nuair tháinigh stoirm agus chaith an gála isteach go Bádh Breanndáin í. Bhí sí ar feadh seachtaine i mBádh Bhreanndáin agus annsan thaínig gaoth adtuaidh agus chuaidh sí isteach i dTráig Cíll Chuimín. Naoi mairnealaig déag agus an captaen a bhí innte is do báthadh íad go léir.

    b) Do reiceáladh an "Laura" ag "Poinnte na Catharach". Last gráinne buidhe a bhí ínnte agus bhí fiche mairnealuig innte leis. Gaoth adtuaidh a bhí ann agus bhí sí ag séideadh isteach chun na carraigreacha. Nuair táinig an "Laura" go dtí Bádh Breanndán bhí an gála ró láidir di agus do séideadh isteach i gcoinnibh na carraigreacha í. Tháinig na mairnéalaig go léir saor aisti.

    c) Do reicealadh an "Colm Cille" in Oilleán Árain. Bhí sí in anncaire i mBádh Breanndán agus oidhche amhain táinig gaoth andeas agus do bhris slabhra na h-anncaire. Ní raibh eínne innte agus níor stad sí gur bhuail sí Oileán Árainn agus do briseadh í ann.

    d) Do reiceáladh an "Mary Joseph" i gCam Trágha. Bád iascaireachta d'ob eadh í agus bhí sí cuibheasach mór leis. Bhí sí in anncaire i mBádh Breanndeán agus táinig gaoth adtuaidh agus do briseadh í ar na carraigreacha. Níor báthadh éinne de'n criú a bhí innte.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
        1. shipwrecks (~384)
    Language
    Irish
    Collector
    Eamon Ó Déada
    Gender
    Male
    Informant
    Dómhnal Ó Cinnéada
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    Cé Bhréanainn, Co. Kerry