School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochán
- XML Page 815
- XML “Daoine Cáiliúla”
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí na "Stations" cun bheith i dtig éigin i Mullach Bhéal sa paroíste seo. Tháinig an sagart agus na daoine mór-tímcheall na h-áite act do dhein an sagart dearmhad ar an fíon altórach agus dá dtéígheadh sé á dh'iarraigh beadh sé ró déanach nuair a thiocfadh sé thar nais. Bhí fear dar ab-ainm dó Mícheál Ua Muircheartaigh ó Ceapach sa tigh agus dhubhairt sé go raghadh sé treasna an chnuic go dtí an Dainghean fé dhéin an fhíona. Bhain sé a bhróga dhe agus cuir sé an cnoc de. Bhíodar ag magadh fé mar gheall ar é dul, mar tá an Daingean sé míle ó Mullach agus thógfadh sé cúpla uair cun an turas san do déanamh. D'fanadar sa tigh ar feadh tamaill agus bhí an sagart cun dul abhaile nuair a conaic sé Mícheál ag teacht anuas an cnoc leis an fíon. Uair a' chluig a thóg se uaidh. Bhí cáil air as san amac mar gheall ar a rith maith.
- Collector
- Máire Ní Cheallacháin
- Gender
- Female
- Address
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Informant
- Tadhg Ua Cheallacháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 64
- Address
- An Clochán, Co. Chiarraí
- 1) Bhí beirt fhear i Lios na Caol Bhuidhe darab ainm dóibh Seamus Ó Ruairc agus Séamus de hÓra agus bhíodar ábalta léim amac tré a dhá láímh agus iad dúnta ar a chéile. Bhíodar ábalta a dhá ceann a cur idir dhá spocaí rotha agus na cosa cur síos idir dhá spócaí eile agus greim a breith ar dhá spócaí len a lámha agus an cairte ag imtheacht.2) Bhíodh fear dar ab ainm dó Tomás Ó Súilleabháin ó Bhreandán ag dul go dtí Traíghlí le cliabh éísg agus biodh cairt agus(continues on next page)
- Collector
- Maitias Ua Dúbhda
- Gender
- Male
- Address
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí
- Informant
- Seamus de hÓra
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí