School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochán
- XML Page 830
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- San inid is mó a phósann na daoine annso. Cúpla seachtmhain roimh pósadh cailín agus féar óg deintear cleamhnas, sé sin le rádh ceist an spré do shocarughadh agus má éirigheann leó réitigheann siad lá an phósta agus rudaí mar sin. Tugtar airgead mar spré annso de réir an seilbh. Téigheann an lámhna ar "mí na meala" tráthnóna lá pósta. Nuair a thagann siad abhaile is gnáth oidhche mór spóirt a bheith i dtig an cailín in a mbíonn múintear an lámhna. Tá sé mar piseóg sa paróiste seo: nuair a phósann beirt Mairt na hInide ní théigheann an cailín go dtí a bhaile dhúthcais go dtí an Casg, mar deirtear dá dtéigheadh sí go mbéadh mífhortún aici as san amach. Gúnai gorma is mó a caitheann na cailíní ag pósadh sa cheanntar seo. Dath liath (slinne) is mó a chaithidís fadó. Nuair bhíodh an beirt a bhíodh cun pósadh ag teacht go dtí an t-séipéal fadó thagadh cóisre mór fada de fir ag marcaidheaht ar capallaibh agus a mná ar an dtaobh thiar díobh. Nuair a bhíodh an oidhche spóirt aca thagadh "buachaillí tuighe" de gnáth cun an tig cun bídh agus díghe d'fhághailt. Sé an fáth go tugtaí an ainm sin ortha, ná go mbíodh siad gléasta le culaithe tuighe agus agaidhthe ortha I dtreó is ná aithneóchfaí iad.(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Ceallacháin
- Gender
- Female
- Address
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Informant
- Tadhg Ua Ceallacháin
- Gender
- Male
- Age
- 64
- Address
- An Clochán, Co. Chiarraí