School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochán
- XML Page 889
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Siad so na h-ainmhidhthe in ár bfheirn. Ba, capall, asal, caoire, muca, gabhair, cearca, turcaidthe agus géana. Tá ainm fé leith againn ar gach boin: báiní, blaicí, bricí, dearg, cúibí agus bléanann. Nuair a bhímíd ag glaodhach ar na ba, glaodhimíd a h ainm féin ar gach ceann aca. Nuair a bhímíd ag glaodhach ar na gcapall, pal! pal! a deirimíd, Doch! doc! a deirimíd cun glaodhach ar an mhuc. Tioc" Tioc! leis na cearca, agus biadh! biadh, leis na turcaidhthe. Nuair a bímíd ag cománt na ba deirimíd h-ois! h-ois!; agus cun iad do stopadh, deirimíd geóbhais" leó. Cró na ba a glaodhtár ar an tig in na mbíonn na ba. Bíonn áit fé leis ag gach boin. Bíonn siad ceangailte le slabhra agus tá búarach ón slabhra a cuirimíd timcheall na h-adharca. Na daoine féin a dheineann an búarac. Deintear é do gruaig eirbaill bó. Le búarac leis a ceangaltar na cosa nuair a bítear á fcrúdh. Cró na muice a glaodhtar ar an dtig na mbíonn muca. Sa stabla a bíonn an capall agus an t-asal.
- Collector
- Maitias Ua Dúbhda
- Gender
- Male
- Address
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí