School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochán
- XML Page 897
- XML “An Chuigeann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó is le meidir a deintí an t-ím. Bhí an meadar trí troighthe ar leithead ag a bhun, agus troig ar leithead ar a bharr. Is le loinithe a deintí an t-uachtar do bhuaileadh cun an tím a dheánamh. Bhí bluíreadhmad cruinn ag bun an loinithe agus bhí sé lán de phoill annso agus ansúd. Bhí blúire adhmaid ar a glaodhtar an claibín suas ag bárr na meidre i dtreó is ná leighfheadh sé amach an t-uactar nuair a bhíthí ag déanamh cuiginne. Cun an t-ím do deánamh caithfheadh duine bheith síos suas leis an loinithe agus nuair a bhrathfadh sé an glór tainídhe ag an mbláthaig bheadh fhios aige go raibh an t-ím deánta. Cuiridís an t-ím isteach i dtobán uisge cun é nígh go maith agus annsan cuiridís é isteach i feircíní, agus cuiridís go dtí Tráighlí nó Corcaig é. Le bairrile a deintear an t-ím anois. Bíónn h-annla ar gach taobh de cun é do casadh. Tá bualtáin istig sa bhairille cun an t-ím do bhualadh. Bheadh fhios agat nuair a bheadh an t-ím déanta, mar bheadh an bairille trom agus bheadh an bhláthach ag deánamh glór tainídhe. Dá dtiocfhadh comharsa isteach nuair a bheadh an t-ím deánta, thabharfadh bean a' tighe braon den báthac dó. Dá dtagadh stróinseár(continues on next page)
- Collector
- Maitias Ua Dúbhda
- Gender
- Male
- Address
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí
- Informant
- Séamus de hÓra
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí