Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0551
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ina bhuachaill bhreágh agus capall breágh aige chomh mhaith agus buachaill eile mór chomh maith agus an cheann eile beag agus culaith bréidh air.
Tháinigeadar agus shuidheadar síos chun an bhúird agus chuir sí an fear breágh thuas i gceann a’ bhuird. Do thaithnigh sé léití go mhaith agus thug sí turcaí dó agus chuir sí feoil chun na beirte eile thíos i n-íochtar a’ bhuird.
Nuair a bhí an dinnéar thart dubhairt sí leo dul abhaile agus go mbeadh dinnéar eile aici aon lá eile. Lá ina dhiaidh sin do chuir sí éadaigh neamh-coitchiannta uirthi féin cosamhail le tinncéir agus chuaidh sí go tigh na bhfear. Ní raibh aon fáilte roimpi ins an gcéad teach, níor chuir bean a’ tighe aon fáilte roimpi ins an dara teach acht dubhairt an fear go raibh cead aici fanacht agus codladh a dhéanamh le na h-inghin. Bhí seacht míle fáilte roimpi ins an treas teach. Nuair a d’imthigh sí abhaile d’innis sí an sgéal dá h-athair agus réidhthe sé dinnéar (sé) eile dóibh. Nuair a tháinigeadar d’éirigh stoirm mhór agus d’imtigh an bheirt fhear a bhí gléasta go maith abhaile mar bhí na cruacha féir gan díon agus d’fhan an fear a bhí culaith bréid air(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Giollaruaidh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Beesy Ned
- Inscne
- Baineann