Scoil: Barrow (uimhir rolla 11850)
- Suíomh:
- Bearrúin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó hUallacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Barrow
- XML Leathanach 181
- XML (gan teideal)
- XML “Scéal Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí linn Tighe i mBaile Taidhg (Ballyheigue) i n-aice le Ceann Ciarraí”
(ar lean ón leathanach roimhe)faire feachaint an dtiocfhadh aoinne ag triall ar an gcómhrainn. I lár na h-oidhche d'eirig ceathrar fear aníos as an bhfarraige fé bhun na faille agus thánghadar aníos mar a raibh an cómhra, ach nuair a chonnaiceadar an bhean sgeinneadar ó'n a radharc, agus níor tógadh aon chómra le muinntir Corridan ón bhfaill ó shoin. Pádraig O Séaghdha ainm an fhir a thug an sgeal so dhom. Aos 53 bliadan. Slíghe bheatha - sglámháidhe, rugad agus tógad é agus chaith sé a shaoghal i mBárrnadh. Sean duine ó Bhaile Thaidhg d'aithris an sgeal so do a dúbhairt sé.- Seo sgeal eile dúbhairt sé líom an lá ceadhna. Sean duine ó Bhaile Thaidg dárabh ainm Paidí O Connaill a dúbhairt an sgeal leis féin nuair a bhí sé na bhuachaill óg.Beal a Phuill an ainm atá ar pháirc, i mBaile Thaidgh agus tá saghas umar cloice sa pháirc. Umar níos mo ná buiceád mor iseadh é a duúbhairt sé. Tá cloch bheag cruinn istig ann. Fadó bhí mainistir san áit ach níl a rian ann anois. Umar baistídhe do beadh an umar so uair. Dá n-aistreóchfaí an chloch bheag atá stig ann bheadh an chloch san umar arís ar maidin.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ó hUallacháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Bearrúin, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Paidí Ó Connaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Uí Thaidhg, Co. Chiarraí