Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Suíomh:
- An Tóin Riabhach Íochtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- XML Leathanach 308
- XML “Na Ceiltigh”
- XML “Ogham Galláin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sgriobadh a h-ainm in-Ógham Chraobh"
Cé gur marbhuigheadh an banlaoch seo tá sé ráidhte go bhfuair na Ceiltigh buadh ar na Tuatha De Danann agus gur chuireadar an tir fé na smacht. - Do dheineadar úsáid de Ógham. B'é sin an saghas sgriobhnóireachta a bhí aca san Allód agus is ar ghallánaibh móra a ghearrtaí amach é. Tá cuid mhaith des na gallánaibh sin ar fúd an pharóiste: eg.
(i) I mBaile an Fheadáin (6 mhíle taobh thoir theas de'n scoil so), tá gallán mór cloiche a mheadhann a chúig nó a sé thonnaí. Tá sé ocht dtroighthe ar aoirde agus tá lios nó saghas dúin timcheall air. Tá sé ina sheasamh i gceart-lár an dúna. Tá gallán eile (seacht dtroighthe ar aoirde) 'na sheasamh deich dtroighthe ó'n gcead cheann. Tá dhá sgéal i dtaobh na ngallán so: 'Sé an chéad cheann ná go raibh próca óir fé'n gceann mhór agus gur cuireadh an gallán 'n-a seasamh ann chun an ór do mharcáil nó chun an próca óir do chosaint. Tá sgéal éile 'n-a dtaobh atá cosamhail lé sgéal Fiannaidheachta. Tá sé ráidhte: lá dá raibh gaiscidhigh ag spaisteoireacht dóibh féin ar cliathán Sliabh Mis - go bhfacadar i bhfad(leanann ar an chéad leathanach eile)