School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)“An fada ó ithis cheana?” “Ní fhéadfainn cuimhin air” ar seisean. “Is deacair go bhféadfainn cuimhneamh air mara a gcuimhnigheann tú féin air. Ní thabharfaidh mé duit ach dhá greim ar eagla go ndéanfaidh sé breoite thú.” “Is mór an nídh dhá greim féin,” ar seisean. “Seadh slán agat,” ar seisean. “Beidh mé ag bailiú liom.” Bhailigh sé leis agus níor chuaidh sé i bhfad in aon chor nuair a bhuail tig eile deas leis go raibh fear mór láidir istig roimis. Ba truime ceann dá géaga ná an fear eile ar fad. “Déanfaidh mé marghadh leat” arsa ‘n fhear. “Coiméadfaidh mé tamall tú agus ní bhfaghfaidh tú ach an oiread a íosfaidh mé féin.” “Ba cóir go n-íosfá oiread uair amháin is a dhéanfaidh mise ceithre uaire.” “Beidh tástailt agat” arsa mac na baintrighe leis. Ní idthidís ach dá uair sa ló. Cúadhadar amach san garraidhe lár na mháireach ag glanadh prátaí ach bhí i bhfad d’Éirinn de’n lá caithte sar a glaodhadh isteach ortha. ‘Basa ní raibh ach greim ithte ag an ngarsún bocht. “Glan leat na plátaí ó’n mbórd” arsa ‘n fear le’n a inghin. Chuadar amach. Dhein sé an dála céadhna láir na bháireach leis. “Is dóigh mhaise” arsa ‘n garsún. “Déanfadh-sa plan ort-sa.” Sgaoil sé an phóca ruibéir taobh istig síos dá léine. Thóg sé slice arin de’n mbord agus dhein sé brúscar de agus scaoil sé(continues on next page)
- Informant
- Pádruig Ó Suilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Address
- Cill Airne, Co. Chiarraí