Scoil: Gleann Fleisge

Suíomh:
Gleann Fleisce, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Donnchadh Ó Spiolláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 916

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 916

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Fleisge
  2. XML Leathanach 916
  3. XML “Ráca Breá mo Chinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ráca Breágh mo Cinn
    Ar mo thaisteal dom tráthighóna is mé ag gabháil trí cómhngar slighe
    Is mé a’ dul go tig mo cómharsan mar a raibh a dhóghad teinaoil
    Do casadh cailín óg orm go raibh seáil mar rós’n gnaoi
    Sé mo leán na fuilim-se pósta leat a chailín bheag óg mo chroidhe
    11.
    Is maith an tain cun pósadh é a buachaill óig dubhairt sí
    Téanaim go tig an óil isteach is is gleoite bheam n’ár suidhe
    Glaoidh-se ar “punch” is pórtar agus leag-sa dómh-sa díol
    Is greagfar suas an ceól dúinn núair a cuirfear an gorradh síos
    111.
    D’eirig mo chailín óg dheas agus glaoidh sí ar Seán cun grinu
    Ach níor rinne sí ac jig nó dó leí nuair a dubhairt gur cóir dóibh suidhe
    Do shuidheadar ar an mbinse agus d’fáisg sé í le’n a chroidhe
    Do leas sé ar a cúl í agus do bhris sé ráca a chinn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge