Scoil: Gleann Fleisge
- Suíomh:
- Gleann Fleisce, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donnchadh Ó Spiolláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Fleisge
- XML Leathanach 928
- XML “Insín na Glotharnaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Insín na GlutharnaíCuaidh Ó Donnacadha an Gleanna agus a shaighdiúir creiche. Schroiseadar baile Muirne in am mharbh na h-oidhche agus tosnuigheadar láithreach ar gach beitheach is capall a raibh ann a sholáthr cúca. Acht dúisighead cun an ruaig a cur ortha ach bhí O Donnchadha agus a shaighdiúirí ró láidir dhóibh agus rugadar an creach leo agus síar leo i dtreo an gleanna ach do cur muinntir Bhaile Mhúirne a gcómhairle agus dean a céille annsan féachaint cad a bfearr dhóibh a dhéanamh agus i ndeire na dála
Shochruigheadar go raghaidís a’ lorg póirthne ar Naomh Gobnatan mar bhí an ionghantaisí á dhéanamh aice leis an beaca beannuighthe a bhí aici an uair úd. Págánach dob ead an taoiseach a bhí ortha agus níor mhaith leis dul cuiche ach b’éigean dhó. Do gheall sí go dtabharfadh sí a cuid stuic thair nais doibh ar an coingheall amháin go n-íompócac an taoiseach in a Catoiliceac. D’iompaig sé. Siar in dhiaidh lucht na creiche le (naomh) Naomh Gobnait annsan an bh’eachair in a láimh aici agus í cosnachtuighthe mar bhí an deithneas chómh mór san curthí ná raibh sé d’uain aici a bhróga a cur uirthi. Thánaig(leanann ar an chéad leathanach eile)