Scoil: Gleann Fleisge
- Suíomh:
- Gleann Fleisce, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donnchadh Ó Spiolláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Fleisge
- XML Leathanach 923
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Ar mo ghabhail tríd an mbaile gur mh'ainm ráth Cúmhaill do chonnac an ainnir ba taitneamhach lium.”
Ar mo ghabhail tríd an mbaile gur mh’ainm Ráth Cúmhail
Do chonnac an ainnir ba taithneamhach lium
Do dhruideas ‘na ‘h’ aice is is tapaidh a dubhairt
De bheatha ar an mbaile seo a Rábaire ó’n Múmhan11.
“Dia duit” a preabaire is tapaidh a dubhairt
Suidh annso im’ aice agus t’ainm dom tabhairt
Is mé Éiblín ní Cheallaig do labhair sí liúm
Go cead míle a maire tu t’ainm a Siur111.
Dárdaigh sí leí mé súas go dtí a Room
Is d’iarraig cad a bfearra go dtaga sí cugam
Sé an nid a cleachtas sa baile a riúin
“Cider ar fiacadh thaghfadh as ubhaill1V.
Bhí na coraí ar an dteine agus na bailig dtiúm
Cider ar fiuchad comh minic is dubhairt
Cupán is gloiní a’ teacht cughaim sa “Room”
An ball is an citeal ag beirt nó ag triúrV.
Do bhuail an clog buille is do luigheamar ag ól
Thánaig cugainn duine is fiche luct ceóil
Thar an cuid eile aca ar mheisghe fé’n mbórd
Is do chóirigheas an ainnir ar leabaidh i gcóir(leanann ar an chéad leathanach eile)