Scoil: Leithead
- Suíomh:
- An Leithead, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leithead
- XML Leathanach 095
- XML “Scéal i dtaobh Lios”
- XML “Scéal i dtaobh Cailín a Fuair Bas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)trúir fear d'faghail, agus capall bán agus truchail leis. Dúbhairt sé leis dul ann oidhche de Satharn ar a trí a clog san oidhche, agus fanacht amuigh go dtháinigh an fear a bhí ag caint d'on bean. Fuair an bean an trúir fear, agus an capall ban. Deineadar mar a dúbhairt an fear leó. Bhíodar san áit nuair a tháinig an fear a bhí cun an fear a bhí istigh sa lios do thógant amach. Nuair a cuadhar go dtí an lios bhí na púchaí go léir ag rinnce, agus cuaidh an fear isteach agus sciob [?] sé leis an fear eile. Cuireadar isteach san truchail é, agus thomaineadar leó abaile go mear. Nuair a cuaidh sé abaile bí sé ag faghail bas, agus fuair sé bas tar éis trí seachtaine na dhiaidh sin.
- Thuit breoidhteach ar calín aon trachtnóna tar éis teacht abaile ó sgoil. Dúbhairt a máthar leí dul a coladh. Cuaidh sí a coladh, agus bhí a máthar ag dul amach a piocha prataí. Cuir sé an leanbh beag isteach san leabaidh leis an calín bréoidhtheach cun é coiméad cúin. Cuaidh an máthair an athair amach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síghle Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Peig Ní hUrdail
- Inscne
- Baineann