School: Leithead
- Location:
- Lehid, Co. Kerry
- Teacher: Diarmuid Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)trúir fear d'faghail, agus capall bán agus truchail leis. Dúbhairt sé leis dul ann oidhche de Satharn ar a trí a clog san oidhche, agus fanacht amuigh go dtháinigh an fear a bhí ag caint d'on bean. Fuair an bean an trúir fear, agus an capall ban. Deineadar mar a dúbhairt an fear leó. Bhíodar san áit nuair a tháinig an fear a bhí cun an fear a bhí istigh sa lios do thógant amach. Nuair a cuadhar go dtí an lios bhí na púchaí go léir ag rinnce, agus cuaidh an fear isteach agus sciob [?] sé leis an fear eile. Cuireadar isteach san truchail é, agus thomaineadar leó abaile go mear. Nuair a cuaidh sé abaile bí sé ag faghail bas, agus fuair sé bas tar éis trí seachtaine na dhiaidh sin.
- Thuit breoidhteach ar calín aon trachtnóna tar éis teacht abaile ó sgoil. Dúbhairt a máthar leí dul a coladh. Cuaidh sí a coladh, agus bhí a máthar ag dul amach a piocha prataí. Cuir sé an leanbh beag isteach san leabaidh leis an calín bréoidhtheach cun é coiméad cúin. Cuaidh an máthair an athair amach(continues on next page)
- Collector
- Síghle Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Informant
- Peig Ní hUrdail
- Gender
- Female