Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann Mór
- XML Leathanach 005
- XML “An Bhléineann sa tSnaidhm”
- XML “Peadairín agus na Púcaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Stuaim ort a shuairc bhean is éist liom
ba dhual dhom go ndeanfhainn-se críoch
ní raibh fuacht ar siúd . buaidhreamh ná tréigeann
do’n uair beag déidheannach a chiónn
Ach tá an stuaire cuín stuamdha in éinfheacht
Is mo thuairim nách baoghal dó aon dhíghe
Ach am ruagairt ar chuantaibh má théighinn-se
Ar thuairisg na bléinfhionn arís. c.n.g - Bhí fear sa Gleann fadó agus Peadairín ón nGleann a tugtaoi air. Ní chreidfheadh sé choidhce go raibh púcaí ann. Bhiodh gach aoinne ag iarraidh a chur na luighe air go raibh, ach níorbh aon tainbhe é. Bhí sé ina chómhnuidhe i dtigín bheag leis féin.
Oidhche dá raibh sé istig ghaibh sluagh de na daoine maithe isteach chuighe agus bhiódar ag gábhail dó go dtí go raibh sé leath marbh aca. Thángadar ar gach taobh dhe is dubhradar len a céile.
Seo Peadairín o’n nGleann
Nár chreid riamh go rabhmair ann
Buailídh é go teann
Ar a dá thaobh ‘gus ar a dhrom
Ní raibh aon gádh le bheith ag aragóint leis as san amach mar chreid sé go raibh a leithéid de dhaoine ann go dearmad.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádhruig Ó Chonaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Ceapaigh na gCrann, Co. Chiarraí