Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann Mór
- XML Leathanach 048
- XML “Amhrán a Dhein Pádraig ó Seaghdha”
- XML “An tAthBhaiste”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ach m’athtuirse faoi bhrón , tinn deacrach go leór
A bheith sgartha leat go deo ‘ruí a “Thiger” - Seán Mac Gearailt ó’n Stéig, atá a’ deanamh ar aois fachtha an phínsín , thug a sgeul seo dúinn.
An sgeal
Bhí beirt fheirmeóirthe ann uair – Ó Bhriain agus Ó Reilligtheáin. Ba chómónta le Reillightheáin an tainm a bhí air agus bhí sé comh saidhbhir le hÓ Bhriain. Ní raibh meas ró-mhór ag air ach chómh beag.
Lá amhain chuaidh sé go dtí an sagart chun é bhaiste athuair agus Ó Briain a ghlaodhach air. “Cad na taobh “ arsa an sagart ,“ Gur mhaith leat thú bhaisteadh airís “ ?
“Táim chómh saidhbhir le Ó Bhriain agus gach aon nídh ‘tá aige tá sé agam-sa “ arsa Reillightheáin. “Caithifidh mé sgrí chuig an Easbuig agus caithifidh an t-Easbog scrí cun an Phápa” arsa an sagart. Ba mhaith leis an sagart é chur í gcúlaibh feuc a raghadh an aith-bhaiste as a cheann.
Bhí sé ag teacht chuig gach re-lá go dtí go raibh an sagart bodhar aige, “Feuch a raibh aon tuairisg a’teacht ó’n Phápa. Bhí an sagart á chur ó lá go lá é feuch(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Mac Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Stéig, Co. Chiarraí