Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear darb ainm dó Seán Mac Gearailt ag teacht ó bheitheachán tar éis an lae chaitheamh ann a baint an fhéir. Bhí a speal thar ghualainn aige agus a madra len a chois. Treasna bearna na Gaoithe bhí sé chun teacht. Oidhche spéir ghealuidhe a bhí ann is ní raibh sprid ná aon nídhe den tsórd a’ deanamh buadhartha do Sheán. Nuair a bhí sé ag teacht anuas ó’n Bheárnain thug sé fé ndeara ná raibh a mhadra le’n a chois. D’fheach sé thar a ghualainn is chonnaic sé gabhar na dhiaidh. I gciom cúpla nóimead chonnaic sé bean árd chaol in ionad an ghabhair.
D’íslig sé an speal dá ghualainn. Tháinig an bhean i ngiorracht dó. Thosnuig Seán ag casadh na speile na thimcheall is níor bhféidir leis an sprid teacht ingar dó chun é mharbhú.
Lean sé air ag siubhal is ag easadh na speile san am cheaudna gur shrois sé an Gráig mar a chómhnaig sé. Bhí breacadh a lae ann an tam san is do sgairt an choilig ins na Gráige. Béigheann do’n sprid ghlanadh lá annsan. Leig sí trí olagón mhóra cráidhte nimhneach? Gur mheas Seán gur airighead ag ceithre árdaibh an Ghleanna.
Bhí a mhadra le’n a chois airís. Chuaidh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inse Fhearann na gCléireach, Co. Chiarraí