Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann Mór
- XML Leathanach 021
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Ar chualais riamh an rud a dubhairt a' fear chliste fadó.”
Ar chualais riamh an rud a dubhairt a' fear chliste fadó
Bhean mic is máthair a chéile mar bheadh cat is luch in aghaidh a chéile
Ní bhíonn sé amhlaidh ins gach cúis ach mo chreach fada bíonn an beirt seo go hachrannach dána le na chéile go ró mhinic.
Má seadh cloisidh sibh mar gheall ar bheirt aca :-
‘Seadh / siar sa chómhad a chómhnuig an beirt, sean “lady” agus céile a mic. Lá áirighthe chuireadar tochtaí na leapthan amach fé’n spéir. D’eirig eadtordha. Bhí an sean bhean an-channcarach is nuair a bhí an bhean óg a’ fághailt an lámh uchatair uirthí níor dhein sí ach buaileadh amach agus an sgian do thabhairt ar thochta na mná eile. Bhí gála ón iar-thuaisceart, is tógadh an cleití go léir in aon sgamall amhain, ináirde ins na spéirthibh. Do ghluais an sgamall leis an gaoithe agus soir ó dheas leis os cíonn Túrcoille.
Bhí sean-duine sa bhaile san ar a ngarraí Pádruig Tuarcoillte *. Thárla go raibh sé amuich sa pháirc nuair a bhí na cleití ag gábhail thart. Cheap sé gur pheidhleacáin a bhí connta.
*Tuarcoillte . treibh de Mhuintir Shuillebeán . fuaireadar an ainm seo ó n-a n¬-áit cónnuidhte agus ?(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dómhnall Ó Conaill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Cathalán
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 70
- Seoladh
- Doirín an Mhuirigh, Co. Chiarraí